Inicio Bad Bunny Canciones Religiosas Taylor Swift Ed Sheeran Luis Fonsi Ozuna Daddy Yankee J Balvin Maluma DMCA

Escuchar música y letra de Cailín A' Tsléibhe Ruaidh de Aoife Ni Fhearraigh - Escucha y canta NewMusicas

Artist profile picture

Cailín A' Tsléibhe Ruaidh

Aoife Ni Fhearraigh

Canciones

'gCluin sibh mise 'bhuachaillí
An méid agaibh 'tá libh féin
Suígí thart fán tinidh anseo
Go n-insí mé mo scéal
Bhí buachaill ar a' bhaile seo
'Bhí súgach aerach suairc
Agus tháinig sé 'dhénamh cleamhnais
Le cailín a' tsléibhe ruaidh

A spéirbhean álainn aigeantach
Ba deise méin is clú
Bí 'teacht liom féin le dúscadh 'n lae
Go bpóstar mé 'gus tú
Bí 'teacht liom féin amárach
'S ná bíodh ort brón ná gruaim
Is cuirfidh mé gúna síoda ort
A chailín a' tsléibhe ruaidh

Níorbh fhios don streabhóg ghiodalaigh
Cad é ba chóir di 'rá
Ach a' dealramh 'bhí ina súile
Den oíche go ndéanfadh lá
A rún mo chroí 'nois díbir thusa
Mearadh 'n ghrá seo uait
Nó is rún liom fanacht díomhain seal
Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh

A mhaidhdean mhaiseach mharánta
Cad é seo 'tá tú 'rá
Dearc síos a' gleann faoi bhuach na mbeann
Is breathnaigh mo chuid barr
Tá togha na bhfear 'sna mbeathach agam
Ag obair ann go cruaidh
'S tá stór is maoin go leor agam
Do chailín a' tsléibhe ruaidh

Má tá stór is maoin go leor agat
Ní domhsa is fearrde é
Nó deirtear liom go n-ólfá thusa
Maoin a' tsaoil go léir
'Do shuí suas 'dtigh an óstaí
'Do dhrabhlás bhocht gan chéill
Ar feadh na hoích' ag ól 's a' gabháil
'Na bhaile le bánú 'n lae

Más fear mé 'tá 'g ól, a chailín chóir
Ní ólaim ach mo chuid féin
Chan tú 'tá 'g íoc ar son na dí
Níl agat pingin mar spré
Is anois ná síl go bhfuil mo chroí
Bocht briste de do chumhaidh
Nó fágaim thú mar fuair mé thú
Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh

Más de Aoife Ni Fhearraigh

20 canciones
  • Níl Sé 'Na Lá
  • Both Sides, Now
  • Fare Thee Well
  • After The Goldrush
  • Danny Boy
  • The Best Is Yet To Come
  • If You Love Me
  • Turn, Turn, Turn
  • Danny Boy
  • Caledonia
  • Bonny Portmore
  • Maggie
  • A Neansaí 'Mhíle Grá
  • Níl Sé 'na Lá
  • Ansacht Na Nansacht
  • Never Be The Sun
  • Cailín Rua
  • Cailín Na Gruaige Báine
  • At 17
  • A Neansaí 'mhíle Grá
  • Inicio Bad Bunny Canciones Religiosas Taylor Swift Ed Sheeran Luis Fonsi Ozuna Daddy Yankee J Balvin Maluma DMCA